If you would like to view this site in English, please do so here ->
Caith súil ar ár gcuid meáin shóisialta chun a fheiceáil cé na himeachtaí atá ag teacht aníos againn:
Seo thíos na himeactaí a bhíonn ar siúl againn ar bhonn rialta:

Caife agus Comhrá
An Déardaoin deireanach de chuile mhí ag a 11.00r.n. i Súil Eile Space
Is grúpa cairdiúil agus fáilteach é an ciorcal comhrá a bhuaileann le chéile go míosúil sa gcaifé Súil Eile Space i mBearna chun a gcuid Gaeilge a cleachtadh le chéile. Tá sé oscailte do gach duine - is cuma más foghlaimeoir nó cainteoir líofa tú. Cuirtear béim ar Ghaeilge labhartha sa ngrúpa seo agus ní rang é (níl múinteoir ann!), ach spás chun comhrá a dhéanamh as Gaeilge.

Ciorcal Comhrá Seachtainiúil
Dé hAoine ag a 11.00r.n. in Óstán an Chlaí Bháin
Buaileann ciorcal comhrá eile le chéile chuile Aoine in Óstán an Chlaí Bháin i gCnoc na Cathrach. Tá an ciorcal comhrá seo oscailte do gach duine - is cuma más foghlaimeoir nó cainteoir líofa tú.

Suí 's Spraoi
Dé Céadaoin ag a 11.30r.n. i Súil Eile Space
Seo grúpa de thuismitheoirí agus páistí a bhuaileann lena chéile chuile Chéadaoin le bheith ag caint, ag comhrá agus ag spraoi. Tá fáilte roimh bhaill nua sa ngrúpa seo i gcónaí.
TABHAIR FAOI DEARA: Tá sos á thógáil ag an ngrúpa seo don samhraidh ach beidh siad ag dul ar siúlóidí le chéile anois agus arís. Coinnigh súil ar ár gcuid meáin shóisialta chun tuilleadh eolais a fháil faoi seo. Beidh an grúpa ag bualadh lena chéile i Súil Eile Space arís ó mhí Mheán Fómhair 2024 ar aghaidh.
%20(1).png)
Snámh sa bhFarraige
Grúpa WhatsApp
Tá grúpa WhatsApp nua againn do dhaoine ar mhaith leo bualadh le chéile chun dul ag snámh sa bhfarraige agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh ag an am céanna! Seol teachtaireacht chuig Aoife ag 0851372447 agus cuirfidh sí leis an ngrúpa WhatsApp thú!