Latest news


A chairde,

Tá an-áthas orainn ár n-ócáid Oíche Chultúir a fhógairt go hoifigiúil! 🎉

Is deis í an ócáid seo teacht go áit aoibheann agus clois a thabhairt ar cheol álainn. Beidh meascán idir ceol traidisiúnta, ceol nua-chumtha, amhrán traidisiúnta, bailéid agus níos mó le cloisteáil ar an oíche 🎵

Tiocfaidh liosta do na ceoltóirí amach go luath! 🎻🎷

Is ócáid teaghlaigh í seo chomh maith. Beidh deis ag gach leanbh cúpla amhrán a chanadh chomh maith 👨‍👩‍👧‍👦

Beidh sólaistí ar fáil in Áras Phobail Chnoc na Cathrach ina dhiaidh ☕️🍪

Fáilte roimh gach duine!
Ócáid le linn Seachtain na hoidhreachta! 🌱

Bígí ann an Domhnach seo le haghaidh Siúlóid Dúlra eagraithe ag Nature Link West! 🌳🚶‍♀️

❗️Molaimid do dhaoine chun siúl nó an rothar a thógáil chuig an ócáid seo, de bharr easpa páirceála ❗️
‼️Ranganna Gaeilge ag tosnú‼️

Is féidir clárú do na ranganna Gaeilge a bheidh ag tosnú i mí Mheáin Fómhair anois! Tá 6 rogha ann ó thaobh chaighdeáin, láthair agus am de agus moltar go mór clárú dóibh sula imíonn siad!

Tá nasc sa bhio chun clárú do na ranganna seo.

📖🗣🍀
A chairde,

Oíche mhóir ag ghabháil dúinn go luath! 📝

Beidh ár gcruinniú Ginearálta Bliantúil ar siúl in Áras Mhic Amhlaigh ag 8:00 ar an 24ú Lúnasa 🗓

Iarraimid ar gach duine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge i mBearna/Cnoc na Cathrach teacht chuig an gcruinniú seo. ☘️

Tá sé ríthábhachtach go gcloistear glór an phobail ag an gcruinniú seo, agus mar sin b'fhiú go mór teacht 🗣

Beidh sólaistí ar fáil ar an oíche ☕️
Beagáinín fúinne!

An raibh ceisteanna riamh agat mar gheall ar;

Cé h-iad Gaeilge ABC? 🤔

Cad atá i gceist le Pleanáil Teanga? 📚

Cad atá á dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mBearna agus Cnoc na Cathrach? 📈

Freagraítear gach ceist anseo!

☘️🗣📖📝💚
OPT Nua!

An tseachtain seo, thosaigh Tadhg Ó Rínn ag obair mar Oifigeach Pleanála Teanga le Gaeilge ABC. Is as Trá Lí, Co. Ciarraí do Thadhg ó dhúchas ach tá cuid mhaith ama caite aige i gcathair na dTreabh cheana féin. Chaith Tadhg ceithre bhliain in Ollscoil na Gaillimhe ag déanamh staidéir ar an nGaeilge agus Léann na Cumarsáide 📖

Tá ana-shuim ag Tadhg i gceol (ceol tradisiúnta, ach go háirithe), rince seite, spórt agus i bhfad níos mó, agus dar leis, tá sé ag súil go mór leis an obair amach roimhe 🎵

Ciarraí Abú 💚💛