Nuacht is deireanaí


A chairde,

Tá an-áthas orainn ár n-ócáid Oíche Chultúir a fhógairt go hoifigiúil! 🎉

Is deis í an ócáid seo teacht go áit aoibheann agus clois a thabhairt ar cheol álainn. Beidh meascán idir ceol traidisiúnta, ceol nua-chumtha, amhrán traidisiúnta, bailéid agus níos mó le cloisteáil ar an oíche 🎵

Tiocfaidh liosta do na ceoltóirí amach go luath! 🎻🎷

Is ócáid teaghlaigh í seo chomh maith. Beidh deis ag gach leanbh cúpla amhrán a chanadh chomh maith 👨‍👩‍👧‍👦

Beidh sólaistí ar fáil in Áras Phobail Chnoc na Cathrach ina dhiaidh ☕️🍪

Fáilte roimh gach duine!
Ócáid le linn Seachtain na hoidhreachta! 🌱

Bígí ann an Domhnach seo le haghaidh Siúlóid Dúlra eagraithe ag Nature Link West! 🌳🚶‍♀️

❗️Molaimid do dhaoine chun siúl nó an rothar a thógáil chuig an ócáid seo, de bharr easpa páirceála ❗️
‼️Ranganna Gaeilge ag tosnú‼️

Is féidir clárú do na ranganna Gaeilge a bheidh ag tosnú i mí Mheáin Fómhair anois! Tá 6 rogha ann ó thaobh chaighdeáin, láthair agus am de agus moltar go mór clárú dóibh sula imíonn siad!

Tá nasc sa bhio chun clárú do na ranganna seo.

📖🗣🍀
A chairde,

Oíche mhóir ag ghabháil dúinn go luath! 📝

Beidh ár gcruinniú Ginearálta Bliantúil ar siúl in Áras Mhic Amhlaigh ag 8:00 ar an 24ú Lúnasa 🗓

Iarraimid ar gach duine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge i mBearna/Cnoc na Cathrach teacht chuig an gcruinniú seo. ☘️

Tá sé ríthábhachtach go gcloistear glór an phobail ag an gcruinniú seo, agus mar sin b'fhiú go mór teacht 🗣

Beidh sólaistí ar fáil ar an oíche ☕️
Beagáinín fúinne!

An raibh ceisteanna riamh agat mar gheall ar;

Cé h-iad Gaeilge ABC? 🤔

Cad atá i gceist le Pleanáil Teanga? 📚

Cad atá á dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mBearna agus Cnoc na Cathrach? 📈

Freagraítear gach ceist anseo!

☘️🗣📖📝💚
OPT Nua!

An tseachtain seo, thosaigh Tadhg Ó Rínn ag obair mar Oifigeach Pleanála Teanga le Gaeilge ABC. Is as Trá Lí, Co. Ciarraí do Thadhg ó dhúchas ach tá cuid mhaith ama caite aige i gcathair na dTreabh cheana féin. Chaith Tadhg ceithre bhliain in Ollscoil na Gaillimhe ag déanamh staidéir ar an nGaeilge agus Léann na Cumarsáide 📖

Tá ana-shuim ag Tadhg i gceol (ceol tradisiúnta, ach go háirithe), rince seite, spórt agus i bhfad níos mó, agus dar leis, tá sé ag súil go mór leis an obair amach roimhe 🎵

Ciarraí Abú 💚💛
Bígí linn le haghaidh siúlóid tumtha trí Coill Bhearna agus foghlaim faoi na bláthanna, ainmnithe agus éin sa choill, leis an éiceolaí Éinne Ó Cathasaigh ar 25/4 ag 10 rn. Is deis iontach é seo chun dúlra a fheiceáil trí shúile shaineolaí agus peirspictíocht nua a fháil ar an domhain trí mheán na Gaeilge.

Dáta: Dé Sathairn 25/4
Am: 10 ar maidin
Áit: H91 R6PW. Carrchlós Ionad Pobail Páirc na Ceapaí. 

#Gaeilge #agfoghlaimgaeilge #Bearna #Knocknacarra #cúplafocal 

Join us for an immersive walk through Bearna Woods and learn about the plants, animals and birds with ecologist Éinne Ó Cathasaigh on 25/4 at 10am. This is a great opportunity to gain a new perspective on the natural world through the medium of Irish.

Date: Saturday, April 25th
Time: 10am
Venue: Car park, Knocknacarra Community Centre, H91 R6PW
Ar mhaith leat tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim?

Tar chuig Comhrá Teaghlaigh a bheas á reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le tacaíochta ó Ghaeilge ABC ar feadh trí seachtaine ag tosnú ar Céadaoin, 26ú Samhain ó 10:30 – 11:30 in Áras Mhic Amhlaigh [H91 A9PX], agus a bheas ag teacht le chéile aríst ar an 3ú agus 10ú Nollaig ag an am céanna.

Is imeacht é seo a chuireann cúnamh agus tacaíocht ar fáil do thuismitheoirí atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim, a fheabhsú agus a úsáid lena gcuid gasúr.

Is imeacht saor in aisce é seo agus tá fáilte roimh chuile dhuine chomh maith lena gcuid gasúr, ach caithfear clárú roimh ré trí rphost a sheoladh chuig: snicheide@tuismitheoiri.ie

-

Would you like to learn more Irish?

Come to a Comhrá Teaghaigh which will be run by Tuismeisteróirí na Gaeltachta with support from Gaeilge ABC for three weeks starting on Wednesday, 26th November from 10:30 – 11:30 in Áras Mhic Amhlaigh [H91 A9PX] , and which will meet again on the 3rd and 10th December at the same time .

This is an event that provides help and support to parents who want to learn, improve and use Irish with their children.

This is a free event and everyone is welcome, including their children, but you must register in advance by sending an email to: snicheide@tuismitheoiri.ie

@bearna_og @knocknacarradotie @scoil_fhursa_gaillimh @scoiliognaid
Tá Club LEGO i nGaeilge ag teacht go Cnoc na Cathrach! 

Tá Gaeilge ABC ag eagrú an chéad seisiún den Chlub LEGO ag tosnú ar Satharn 29/11/25 ag 11:00 in Áras Mhic Amhlaigh [H91 FV4D].

‘Saor-spraoi’ LEGO a bheidh ann ar dtús, agus tá sé le haghaidh gasúr idir 4-12 bliain. Caithfidh tuismitheoir nó caomhnóir fanacht i dteannta an pháiste agus is í an Ghaeilge teanga na hócáide seo.

Is imeacht saor in aisce é seo ach ní mór clárú mar tá na spásanna teoranta.

Is féidir leat clárú don imeacht agus tuilleadh eolais faoi imeachtaí Gaeilge ABC a fháil tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.

Bígí linn in chun triail a bhaint as!

@scoil_fhursa_gaillimh @scoiliognaid @bearnabeo @stemasgaeilge @stem_galway 

#lego #legoasgaeilge #agfoghlaimnagaeilge #spraoi
Bígí linn le haghaidh céilí agus an craic agus muid i mbun damhsa seite ag tosnú ag 2:00 ar an Domhnach 16 Samhain i nGaelscoil Mhic Amhlaigh (H91 FV4D). 

Ní gá taithí a bheith agat chun páirt a ghlacadh, beidh an múinteoir damhsa seite ó Choláiste Ollscoile Corcaigh, Siún Ní Eartáin, linn ar feadh uair a chloig idir 2:00 agus 3:00 chun na céimeanna a mhúineadh sula gcuirfear tús leis an gcéilí.

Beidh an imeacht seo a reáchtáil trí mheán na Gaeilge agus tá fáilte roimh chuile leibhéal ó fhoghlaimeoirí go cainteoirí líofa agus is deis iontach é seo an Ghaeilge a úsáid i dtimpeallacht spraoiúil! Tá fáilte roimh pháistí freisin!
Is imeacht saor in aisce é seo agus tá oscailte do chuile aoisghrúpa. 

Tá tuilleadh eolais faoin imeacht seo agus is féidir leat clárú don imeacht tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis
-
Join us for a céilí and the craic as we set dance starting at 2:00 on Sunday 16th November in Gaelscoil Mhic Amhlaigh (H91 FV4D).

No experience is required to take part, a set dance teacher from University College Cork, Siún Ní Eartáin, will be with us for an hour between 2:00 and 3:00 to teach the steps before the céilí begins.

This event will be held through Irish and all levels are welcome from learners to fluent speakers and this is a great opportunity to use Irish in a fun environment! Children are welcome too! This is a free event and is open to all ages. 

There is more information about this event and you can register for the event via the link in our bio.

@cumanngaelach_og @cumannrinceseite @tradsocug @comhaltassal @knocknacarraguide @bearnabeo 

#damhsa #damhsaseite #rinceseite #gaeilge #agfoghlaimnagaeilge
Beidh an zó-eolaí iontach Éinne Ó Cathasaigh linn le haghaidh caint fhiáin ar shaol na froganna, na hearca luachra, na buafa agus na laghairtí!! 🌿🐸

Tabharfaidh Éinne an chaint spreagúil, spéisiúil agus lán le heolas faoi eachtraí ó shaol na zó-eolaíochta go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Tapaigh an deis iontach seo atá oscailte do chuile aois ghrúpa (teaghlaigh ach go háirithe!) chun foghlaim faoin nGaeilge, an fiadhúlra, agus iontas a chur i saol na n-ainmhithe speisialta seo. 

📅 Dáta: 8 Samhain
🕥 Am: 10:30 – 11:30
📍 Áit: Áras Mhic Amhlaigh (H91 A9PX)

Tá tuilleadh eolais faoin imeacht seo agus is féidir leat clárú don imeacht tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.
-
The wonderful zoologist Éinne Ó Cathasaigh will be with us for a wild talk on the world of frogs, toads, newts and lizards!! 🌿🐸

Éinne will give an invocative, interesting and informative talk about adventures from the world of zoology entirely through the medium of Irish.

Take advantage of this great opportunity that is open to all age groups (especially families!) to learn about Irish, wildlife, and marvel at the world of these special animals.

📅 Date: 8 November
🕥 Time: 10:30 – 11:30
📍 Venue: Áras Mhic Amhlaigh (H91 A9PX)

There is more information about this event and you can register for the event via the link in our bio.

@rewildingireland @galwaycitycommunitynetwork @galwaycountybiodiversity @biodatacentre @anborddulra @birdwatchireland @einne.ocathasaigh 

#gaeilge #gaeilgenagaeilge #dúlra #nádúr #foghlaimeoirígaeilge #foghlaim #siúlóid #bláthanna #bithéagsúlacht #cultúr #oidhreacht
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Tuilleadh eolais ar fáil sa nasc inár bhféinfhaisnéis nó ag: https://www.comharnaionrai.ie/job/muinteoir-luathbhlianta-i-naionra-mhic-amhlaigh-cnoc-na-cathrach/

🗓️Spriocdháta an 20/10/2025

@glor_nangael @forasnagaeilge @gaeloideachas @peig_ie @galwaycitycommunitynetwork @knocknacarradotie @bearnabeo @galwayjobs @galway_jobs

#siógnabpost #gaeilge #folúntas #folúntais #jobvacancy #jobfairy #galwaychildcarecommittee #luathbhlianta #cnocnacathrach #knocknacarra
🎬✨ Taispeáint Speisialta: Fréwaka ✨🎬

Bí linn le haghaidh oíche lán le huafás, miotaseolaíocht agus béaloideas 😱 agus muid ag taispeáint Fréwaka mar Scannán na Samhna i gColáiste na Coiribe [H91 RC97] ag 19:00, Dé hAoine, 17 Deireadh Fómhair

Leanann an scéal Shoo, oibrí cúraim atá ag tabhairt aire do sheanbhean i nGaeltacht iargúlta… ach tá níos mó ná an tseanbhean ag fanacht sa teach👀

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil agus do spás don scannán a chur in áirithe tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis. 🎟️
-
🎬✨ Special Screening: Fréwaka ✨🎬

Join us for a night of horror, mythology and folklore 😱 as we screen Scannán na Samhna - Fréwaka at Coláiste na Coiribe [H91 RC97] at 19:00, Friday, October 17

The story follows Shoo, a care worker who is looking after an old woman in a remote Gaeltacht… but there is more than just the old woman staying in the house👀

You can find out more and book your place for the film via the link in our bio.

#gaeilge #agfoghlaim #agfoghlaimlecheile #agfoghlaimnagaeilge #fréamhacaha #fréwaka #scannán #ScannánGaeilge #scannánnasamhna #Uafás #IrishFilm #FolkHorror #AislinnClarke

@colaistenacoiribe @knocknacarradotie @bearnabeo @galwayfilm @galwayfilmsoc @fs_uog
An bhfuil tú tuirseach, sciúrtha, feannta?

Cuirfidh 90 nóiméad ar leataobh díreach duit féin i mí Dheireadh Fómhair.

Cuireann an Cóitseálaí Saoil & Éascaitheoir Anála Marian Ní Chonghaile fáilte mhór romhat chuig dhá sheisiún anála ag 19:00 ar Déardaoin an 9ú agus 16ú Deireadh Fómhair i Súil Eile Space, Bearna (H91 AXH1).

Trí análú comhfhiosach, d’aon ghnó is féidir leat, teannas agus strus a scaoileadh agus do leibhéal fuinnimh a ardú. Ní gá taithí ar bith a bheith agat, beidh Marian ann chun tú a stiúradh agus treoir a chur ar fáil duit. Fágfaidh tú na seisiúin níos socra agus le hintinn níos soiléire.

Tá praghas €25 le haghaidh dhá sheisiún agus tá siad oscailte do chách, Gaeilgeoirí chomh maith le foghlaimeoirí na Gaeilge.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil nó clárú don rang tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.

-
Are you tired, exhausted, and stressed?

Set aside 90 minutes just for yourself this October.

Life Coach & Breathwork Facilitator Marian Ní Chonghaile welcomes you to two breathing sessions at 19:00 on Thursday the 9th and 16th of October in Súil Eile Space, Bearna (H91 AXH1).

Through conscious, intentional breathing you can release tension and stress and increase your energy levels. No experience is necessary, Marian will be there to guide and provide you with guidance. You will leave the sessions feeling calmer and with a clearer mind.

The two sessions are €25 in total and are open to everyone, Irish speakers as well as learners of Irish.

You can find out more or register for the class via the link in our bio.

@bearnabeo @knocknacarradotie @thrivewithmarian @suileilespace

#obairanála #athnuachan #athnuachannagaeilge #teachtanfhomhair #gaeilge #saolsláintiúil #breathwork #renewal #healthyliving
Ceardlann Scéalaíochta agus Spraoi 🎶📚☘️✨️

Beidh Ceol agus Scéalaíocht le Julie Anne de Brún ar siúl Dé Satharn, an 27ú Meán Fómhair ag a 11:00 in Áras Mhic Amhlaigh (H91 A9PX). Tá an ócáid seo dírithe ar ghasúir suas go 9 mbliana d’aois.

Is imeacht iontach saor in aisce é seo chun seans a thabhairt do pháistí óga éisteacht leis an nGaeilge agus sult a bhaint aisti.

Fáilte roimh chuile chumas Gaeilge. Tá tuilleadh eolais ar fáil agus is féidir leat clárú tríd rphost a sheoladh chuigseanoc@glornangael.ie
-
Music and Story telling with Julie Anne de Brún will take place on Saturday, September 27th at 11:00 in Áras Mhic Amhlaigh (H91 A9PX). This event is aimed at children up to 9 years old.
This is a great free event to give young children a chance to listen to Irish and enjoy it.

Every level of Irish language ability is welcome. More information is available and you can register by emailing seanoc@glornangael.ie

@bearnabeo @knocknacarradotie @fintan_galway @galwaycitycommunitynetwork @glor_nangael 

#gaeilge #agfoghlaimnagaeilge #gaeilge #gaeilgeabú #gaillimh #gaillimhnagaeilge #Bearna #Cnocnacathrach #Barna #Knocknacarra #bótharnatrá #salthill #teangatí #glórnangael #teangabheo #teaghlaigh #ceol #scéalaíocht #amhránaíocht
Cuirfear tús le téarma nua ranganna Gaeilge Ardleibhéal i gCnoc na Cathrach ar an 25 Meán Fómhair.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil nó clárú don rang tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.

#gaeilge #agfoghlaimgaeilge #agfoghlaimlechéile #Bearna #CnocnaCathrach #Gaillimh #rangannagaeilge #barna #knocknacarra

@fintan_galway @knocknacarraguide @knocknacarradotie @cnagaeilge @forasnagaeilge @foraspatrunachta @colaistenacoiribe @universityofgalway @clgbhearna @skgaa @atugalwaycity @marysgalway @taylorshillofficial @barnafurbo.utd @comharnaionrainagaeltachta
Beidh Gaeilge ABC ag cur tús le rang comhrá Gaeilge a dhíríonn ar labhairt na Gaeilge, ar ghnáthchomhrá, agus ar Ghaeilge nádúrtha na Gaeltachta maidin De Máirt, 23 Meán Fómhair, i gCnoc na Cathrach.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil nó clárú don rang tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.
-
Gaeilge ABC will be starting an Irish conversation class focusing on spoken Irish, casual conversation, and natural Gaeltacht Irish on the morning of Tuesday, September 23, in Knocknacarra.

You can find out more or register for the class via the link in our bio.

#gaeilge #agfoghlaimgaeilge #agfoghlaimlechéile #Bearna #CnocnaCathrach #Gaillimh #rangannagaeilge #barna #knocknacarra
Tá an t-ádh orainn go mbeidh Éinne Ó Cathasaigh ar ais linn mar stiúrthóir den chéad siúlóid dúlra eile den tsraith siúlóidí dúlra atá againn i mbliana ar Satharn, 13ú Meán Fómhair ó 10:30 i bPáirc Loch an Roisín (H91 KX75). Ar an siúlóid seo beidh Éinne ag labhairt linn faoi na héanacha a chónaíonn sa gceantar.

Fáilte roimh chuile chumas Gaeilge. Tuilleadh eolais ar fáil uaidh Mhicheál ag optgaeilgeabc@gmail.com.
-
We are lucky to have Éinne Ó Cathasaigh back to lead the next nature walk in our series of nature walks this year on Saturday, 13th September from 10:30 in Loch an Roisín Park (H91 KX75). On this walk Éinne will be talking to us about the bird life that lives in the area.

Every level of Irish language ability is welcome. Further information is available from Micheál at optgaeilgeabc@gmail.com.

📅 Dáta: 13 Meán Fómhair
⏰ Am: 10:30rn
📍 Suíomh: Páirc Loch an Roisín (H91 KX75)
🎒 Tabhair leat: Déshúiligh

@rewildingireland @galwaycitycommunitynetwork @galwaycountybiodiversity @biodatacentre @anborddulra @birdwatchireland

#gaeilge #gaeilgenagaeilge #dúlra #nádúr #foghlaimeoirígaeilge #foghlaim #siúlóid #bláthanna #bithéagsúlacht #cultúr #oidhreacht
📢 Scoláireachtaí don Dioplóma sa nGaeilge in Ollscoil na Gaillimhe 📢

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil dhá scoláireacht againn i mbliana le bronnadh ar bheirt chun tabhairt faoin Dioplóma sa nGaeilge in Ollscoil na Gaillimhe sa mbliain acadúil 2025-2026.

Tuilleadh eolais agus foirm iarratais ar fáil tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis!

📢 Scholarships for a Diploma in Irish from the University of Galway, 2025-2026 📢

We are pleased to announce that this year we have two scholarships to be awarded to two people to undertake the Diploma in Irish at the University of Galway in the academic year 2025-2026.

More information and application can be found through the link in our bio!

#gaeilge #foghlaimnagaeilge #bearna #cnocnacathrach #barna #knocknacarra 

@acadamh.onag @universityofgalway @fintan_galway @bearnabeo @knocknacarraguide @knocknacarradotie @clgbhearna @skgaa @galwaycitycommunitynetwork @official_bearnabasketball @barnafurbo.utd @salthilldevon_fc @librariesgalway @galwaygaaofficial
Beidh ár gcéad chruinniú míosúil eile ag teacht le chéile idir 7:00pm agus 8:00pm i Súil Eile Space, Bearna Dé Luain, 8 Meán Fómhair. Beidh muid ag bualadh le chéile do chupán tae agus chun plé a dhéanamh ar an leabhar atá léite againn an mhí seo.

Tá an Club Leabhar seo dírithe ar dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge agus ar mhaith leo beagán léitheoireachta Gaeilge a dhéanamh chuile mhí.

Má tá spéis agat a bheith páirteach sa gclub déan teagmháil le Micheál ag 085 137 2447, nó ag optgaeilgeabc@gmail.com.
-
Our next monthly meeting will be held between 7:00pm and 8:00pm in Súil Eile Space, Bearna on Monday, September 8th. We will be meeting for a cup of tea and to have a chat about the book we read this month.

This Book Club is aimed at adults who are learning Irish and would like to do a little Irish reading each month.

If you are interested in joining the club please contact Micheál on 085 137 2447, or at optgaeilgeabc@gmail.com.

@bearnabeo @suileilespace @knocknacarradotie @coggoid @newislandbooks @charliebyrnesbookshop @bnicd 

#gaeilge #bearna #cnocnacathrach #foghlaim #clubleabhar #bookclub #barna #knocknacarra
Tá Gaeilge ABC fíor-shásta a fhógairt go mbeidh muid ag cur tús le téarma nua ranganna Gaeilge i mBearna agus Cnoc na Cathrach i mí Mheán Fómhair. Tá ranganna do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí, do ghlantosaitheoirí, ranganna bunleibhéal, meánleibhéal, agus ardleibhéal againn an téarma seo. 

Bíonn an-éileamh ar ár ranganna i gcónaí agus tá na spásanna teoranta, mar sin ní mór clárú chomh sciobtha agus is féidir.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil, nó clárú do na ranganna, tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis.
--
Gaeilge ABC is delighted to announce that we will be starting a new term of Irish classes in Bearna and Knocknacarra in September. We have classes for absolute beginners, beginner, intermediate and advanced levels this term.

Our classes are always in high demand and spaces are limited, so please register as soon as possible.

You can find out more, or register for the classes, via the link in our bio.

#gaeilge #agfoghlaimgaeilge #agfoghlaimlechéile #Bearna #CnocnaCathrach #Gaillimh #rangannagaeilge #barna #knocknacarra

@fintan_galway @bearnabeo @knocknacarraguide @knocknacarradotie @clgbhearna @skgaa @galwaycitycommunitynetwork @official_bearnabasketball @barnafurbo.utd @salthilldevon_fc @librariesgalway @galwaygaaofficial
Bhí an-lá againn ag tabhairt cuairte ar Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc inniu!
-
We had a great day visiting Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh in Ros Muc today! 

#gaeilge #gaeilgelechéile #stair #ciorcalcomhrá #Bearna #cnocnacathrach
Beidh CEARTA: Agóid Náisiúnta na nGael ar siúl ar an Satharn 20 Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath. Tá bus saor in aisce ón nGaillimh á eagrú ag Conradh na Gaeilge.

Imeoidh an bus ag a 10:00 ón Ard-Eaglais, agus beidh sé ag filleadh tráthnóna c.17:00

Is féidir leat an fhoirm a líonadh isteach chun suíochán saor in aisce ar an mbus a chur in áirithe tríd an nasc inár bhféinfhaisnéis! ✊
-
CEARTA: National Protest for the Irish language and the Gaeltacht is taking place on Saturday 20th September in Dublin. Conradh na Gaeilge are organising a free bus from Galway.

The bus will depart the Cathedral at 10:00, and return at c.17:00

Fill out the form through the link in our bio to reserve your free seat on the bus! ✊

@bearnabeo @knocknacarradotie @suileilespace @cnagaeilge @fintan_galway @bearna_og @clg_bhearna @clgbhearna @skgaa @j_a_debrun 

#bearna #cnocnacathrach #barna #knocknacarra
Cúpla seat ón siúlóid dúlra iontach a bhí ag Gaeilge ABC ar an deireadh seachtaine i bPáirc Loch an Roisín, Bearna leis an zúeolaí Éinne Ó Cathasaigh. Go raibh míle maith agaibh uilig a tháinig! 

Tá muid fíor-bhuíoch d’Éinne as an siúlóid a reáchtáil dúinn! Má tá spéis agat sa dúlra agus sa nGaeilge is féidir leat Éinne a leanúint anseo @anborddulra

Tá muid ag súil go mór leis an gcéad shiúlóid eile!
-
A few shots from the wonderful nature walk that Gaeilge ABC had over the weekend in Páirc Loch an Roisín, Bearna with zoologist Éinne Ó Cathasaigh. Thank you to everyone who came! 

We are so grateful to Éinne for guiding the walk for us! If you are interested in nature and the Irish language you can follow Éinne here @anborddulra
 
We are looking forward to the next walk!

@galwaycountybiodiversity @galwaycitycommunitynetwork @biodatacentre @rewildingireland @bearnabeo @Knocknacarradotie @david_smyth_eco @einne.ocathasaigh

#gaeilge #gaeilgenagaeilge #dúlra #nádúr #foghlaimeoirígaeilge #foghlaim #siúlóid #bláthanna #bithéagsúlacht #cultúr #oidhreacht
Slua iontach don shiúlóid dúlra ar maidin! 

#Gaeilge #Bearna #CnocnaCathrach #dúlra #nádúr #foghlaimgaeilge #Barna #Knocknacarra
Tá imeacht speisialta againn daoibh!

Tar linn le haghaidh siúlóide tumthach trí Pháirc Loch an Roisín (H91 KX75) agus foghlaim faoi na bláthanna, ainmhithe, agus éin sa bpáirc leis an éiceolaí Éinne Ó Cathasaigh ar Satharn, 9ú Lúnasa ag 10:00rn! 🐾 Is deis iontach í seo chun dúlra a fheiceáil trí shúile shaineolaí agus peirspictíocht nua a fháil ar an domhain trí mheán na Gaeilge. Ná caill an deis🌳🦋

Fáilte roimh chuile chumas Gaeilge. Tuilleadh eolais ar fáil uaidh Mhicheál ag optgaeilgeabc@gmail.com
-
We have a special event for you!

Come along for an immersive walk through Páirc Loch an Roisín (H91 KX75) and learn about flowers and animals with ecologist Éinne Ó Cathasaigh on Saturday, August 9th at 10:00am! 🐾 This is a great opportunity to look through the eyes of an expert and gain a new perspective on the world through the medium of Irish. Don't miss the opportunity 🌳🦋

Every level of Irish is welcome. Further information available from Micheál at optgaeilgeabc@gmail.com 

📅 Dáta: 9 Lúnasa
⏰ Am: 10:00rn
📍 Suíomh: Páirc Loch an Roisín (H91 KX75)
🎒 Tabhair leat: Grá don dúlra!

@rewildingireland @florachoisfharraige @galwaycitycommunitynetwork @galwaycountybiodiversity @biodatacentre @anborddulra 

#gaeilge #gaeilgenagaeilge #dúlra #nádúr #foghlaimeoirígaeilge #foghlaim #siúlóid #bláthanna #bithéagsúlacht #cultúr #oidhreacht
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratas don phost mar Bhainisteoir Seirbhísí Luathbhlianta agus Aois Scoile in Áras Mhic Amhlaigh.

Tuilleadh eolais ar fáil sa nasc inár bhféinfhaisnéis.

🗓️Spriocdháta an 31/07/2025

@glor_nangael @forasnagaeilge  @gaeloideachas  @peig_ie  @galwaycitycommunitynetwork @knocknacarradotie @bearnabeo @galwayjobs @galway_jobs 

#siógnabpost #gaeilge #folúntas #folúntais #jobvacancy #jobfairy #galwaychildcarecommittee #luathbhlianta
An bhfuil suim agat foghlaim faoin áit ina bhfuil cónaí ort?

Tá fóghrúpa beag bunaithe ag Gaeilge ABC chun féachaint ar an mbunús agus an míniú a bhaineann leis an 43 baile fearainn a chlúdaíonn an limistéar pleanála teanga idir phobail Chnoc na Cathrach agus Bearna. Bheadh an-shuim againn cloisteáil ó dhaoine le spéis i stair áitiúil, dinnseanchas, agus cúrsaí sóisialaithe pobail.

Sna míonna atá romhainn, ag braith ar maoin a bheith ar fáil, tá súil againn léachtanna agus ceardlanna a rith ar an ábhar, ag áireamh mapáil dhigiteach a thaispeánfadh i measc nithe eile, na heastáit tithíochta atá faoi láthair taobh istigh den Ghaeltacht oifigiúil. Dhéanfadh sé iarracht freisin, cainteoirí dúchasacha Gaeilge a aimsiú sna bailte fearainn liostáilte. 

Más mian leat a bheith rannpháirteach sa taighde seol léiriú spéise chuig Micheál ag optgaeilgeabc@gmail.com, nó déan teagmháil le hUinseann trí glaoch, Whatsapp, nó téacs ag 0872797355. 
-
Are you interested in learning about where you live?

Gaeilge ABC has set up a small subgroup to look at the origins and explanations of the 43 townlands that cover the language planning area between the communities of Knocknacarra and Bearna. We would be very interested to hear from people with an interest in local history, topography, and community socialisation.

In the coming months, subject to funding, we hope to run lectures and workshops on the subject, including digital mapping that would show, among other things, the housing estates that currently exist within the official Gaeltacht. It would also attempt to identify native Irish speakers in the listed townlands.

If you would like to participate in the research please send an expression of interest to Micheál at optgaeilgeabc@gmail.com, or contact Uinseann by call, Whatsapp, or text at 0872797355.

#logainm #logainmneacha #ómósáite #gaeilge #mapaí #stair #dúchas #mocheantardúchais #mocheantar #féiniúlacht #bearna #cnocnacathrach #barna #knocknacarra #maps

@bearnabeo @knocknacarradotie @galwaycitycouncil @galwaycitycommunitynetwork
Beidh ár gcéad chruinniú míosúil eile ag teacht le chéile idir 7:00pm agus 8:00pm i Súil Eile Space, Bearna Dé Luain, 7ú Iúil. Beidh muid ag bualadh le chéile do chupán tae agus chun plé a dhéanamh ar an leabhar atá léite againn an mhí seo.

Tá an Club Leabhar seo dírithe ar dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge agus ar mhaith leo beagán léitheoireachta Gaeilge a dhéanamh chuile mhí.

Má tá spéis agat a bheith páirteach sa gclub déan teagmháil le Micheál ag 085 137 2447, nó ag optgaeilgeabc@gmail.com.
-
Our next monthly meeting will be held between 7:00pm and 8:00pm in Súil Eile Space, Bearna on Monday, July 7th. We will be meeting for a cup of tea and to have a chat about the book we read this month.

This Book Club is aimed at adults who are learning Irish and would like to do a little Irish reading each month.

If you are interested in joining the club please contact Micheál on 085 137 2447, or at optgaeilgeabc@gmail.com.

@bearnabeo @suileilespace @knocknacarradotie @coggoid @newislandbooks @charliebyrnesbookshop 

#gaeilge #bearna #cnocnacathrach #foghlaim #clubleabhar #bookclub #barna #knocknacarra
Tagann ciorcal comhrá le chéile chuile Chéadaoin i Súil Eile Space, Bearna ó 6:30pm go dtí 7:30pm.

Is deis iontach é do chuid Ghaeilge a chleachtadh agus aithne a chur ar Ghaeilgeoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge áitiúla eile. Tá fáilte roimh chuile chumas Gaeilge chuig an gciorcal comhrá!
-
A Ciorcal Comhrá meets every Wednesday in Súil Eile Space, Bearna from 6:30pm to 7:30pm.

It is a great opportunity to practice your Irish and to get to know other local Gaeilgeoirí and Irish language learners. Every level of Irish is welcome to join!

@suileilespace @bearnabeo @knocknacarradotie @bearna_og @clgbhearna @bnicd 

#gaeilge #foghlaim #foghlaimnagaeilge #ciorcalcomhrá #bearna #barna #cnocnacathrach #knocknacarra
🎭Cruinniú poiblí - grúpa drámaíochta a bhunú i gCathair na Gaillimhe 🎭

Tá cuireadh á thabhairt do phobal na Gaillimhe agus an ceantar máguaird a bheith i láthair ag cruinniú poiblí in Áras na nGael ar an gCéadaoin 25 Meitheamh ag 7pm in Áras na nGael, Gaillimh, maidir le cumann drámaíochta amaitéirí Gaeilge do dhaoine fásta a bhunú sa gcathair.

Tá go leor rólanna ar an stáitse nó ar chúl stáitse le líonadh: léiritheoir, aisteoir, cultacha, soilse, bainisteoir stáitse, fuaim, poiblíocht, smidiú, tógáil seite, dearthóirí, cúnamh ginearálta, cúntóirí stáitse agus go leor eile agus ní gá go mbeidh taithí drámaíochta ag na rannpháirtithe.

Tá fáilte ar leith roimh fhoghlaimeoirí Gaeilge chuig an gcruinniú í chomh maith le daoine atá ina gcónaí i gceantair taobh amuigh de Chathair na Gaillimhe.

Fáilte roimh chách agus ní gá taithí amharclannaíochta a bheith agat!

@udarasnag @forasnagaeilge @cnagaeilge @oirnagaeilge @ealainnagaeltachta @cumanndramaiochta @universityofgalway @dramaiocht @cumanngaelach_og @gaeltachtaneachreidh @gaeilgeabc @bruachthoir @rternag @tuairisc @katstheatregalway @ugmedsoc @unigalwaydrama @bearnabeo @knocknacarradotie @galwaydrama @escdgalway @loughreayouththeatre @galwaycitycommunitynetwork 

#dráma #drámaíocht #gaeilge #agfohglaimgaeilge #gaillimhnagaeilge
Thug grúpa d’fhoghlaimeoirí Gaeilge Bhearna – Chonc na Cathrach cuairt speisialta ar Inis Oírr an tseachtain seo caite. Bhí lá speisialta againn le chéile ag caint ‘s ag comhrá ‘s ag foghlaim faoin oileán álainn seo. Tá muid ag súil go mór leis an gcéad turas eile!
-
A group of Irish language learners from Bearna – Conc na Cathrach paid a special visit to Inis Oírr last week. We had a special day together talking, chatting and learning about this beautiful island. We are really looking forward to our next trip!

#gaeilge #gaeilgeabú #gaeilgebheo #saoltríghaeilge #áitaoibhinn #foghlaim #foghlaimnagaeilge

@all_about_irish @gaeilgeinisoirr
Beidh Cruinniú Cinn Bhliana Ghaeilge ABC ar siúl Dé Céadaoin 18/06/2025 ag 7i.n. in Áras Mhic Amhlaigh (H91 A9PX). 

Bí linn, agus bí páriteach i gcur chun cinn na Gaeilge i mBearna agus i gCnoc na Cathrach.
-
Gaeilge ABC’s AGM will take place Wednesday 18/06/2025 at 7pm in Áras Mhic Amhlaigh (H91 A9PX). 

Join us and take part in promoting the Irish language in Bearna and Knocknacarra.

@bearnabeo @skgaa @knocknacarrafc @salthilldevon_fc @knocknacarradotie @bearna_og @barnafurbo.utd @clg_bhearna @suileilespace @galwaycitycommunitynetwork 

#gaeilge #gaeilgeabú #níneartgocurlechéile
Bígí linn chun cruthaitheacht agus Gaeilge a cheiliúradh ag imeacht atá á n-óstáil ag Club Sacair Salthill Devon, in éineacht Gaeilge ABC, i bPáirc Sacair an Droma, Dé Sathairn, an 7 Meitheamh ó 11:00rn go 1:00in. Beidh an ócáid theaghlaigh seo trí mheán na Gaeilge agus tá fáilte roimh chuile chumas teanga chuig an ócáid atá geallta a bheith spraíúil agus taitneamhach.

Bainfidh na gasúir taitneamh as ceardlanna ealaíon, ceardlann amhránáiochta, agus spórt spraíúil trí mheán na Gaeilge.

Is ócáid saor in aisce é seo atá mar chuid de Chruinniú na nÓg, tuilleadh eolais ar fáil tríd an nasc inár bhféinfaisnéis.
-
Join us to celebrate creativity and the Irish language at an event hosted by Salthill Devon Soccer Club, in association with Gaeilge ABC, at Drum Soccer Park, on Saturday, June 7th from 11:00am to 1:00pm. This family-friendly event will be through the medium of Irish and all language abilities are welcome to attend what promises to be a fun and enjoyable event.

The children will enjoy art workshops, singing workshops, and physical fun through the medium of Irish.

This is a free event which is part of Cruinniú na nÓg, more information is available via the link in our bio.

@salthilldevon_fc @bearnabeo @knocknacarradotie @fintan_galway @macdaramusic

#gaeilge #agfoghlaimnagaeilge #salthilldevon #cruinniúnanóg #cruinniúnanóg2025 #gaeilge #gaeilgeabú #gaillimh #gaillimhnagaeilge #Bearna #Cnocnacathrach #Barna #Knocknacarra #bótharnatrá #salthill
Beidh go leor imeachtaí Gaeilge eile ar siúl i bPáirc an Athar de Búrca (H91 H2K1) idir 14:30 agus 18:00 mar chuid de Chruinniú na nÓg – Pobal na Gaeltachta a bhí eagraithe Gaeilge ABC agus An Bruach Thoir. 

Beidh ceardlanna potaireachta, scéalaíocht, ióga, ealaíon agus amhránaíochta. Ná cailligí amach - tuilleadh eolais faoi na himeachtaí seo ar fáil tríd an nasc inár bhféinfaisnéis.
-
there will be many other Irish language events taking place in Father Burke Park (H91 H2K1) between 14:30 and 18:00 as part of Cruinniú na nÓg – Pobal na Gaeltachta organised by Gaeilge ABC and An Bruach Thoir. 

There will be pottery, storytelling, yoga, arts and singing workshops. Don’t miss out - more information about this event is available through the link in our bio. 

@bruachthoir @fintan_galway @macdaramusic @oga_yoga_ireland @anveain_icecream @cruinniugalwaycity 

#gaeilge #agfoghlaimnagaeilge #salthilldevon #cruinniúnanóg #cruinniúnanóg2025 #gaeilge #gaeilgeabú #gaillimh #gaillimhnagaeilge #Bearna #Cnocnacathrach #Barna #Knocknacarra
Beidh ár gcéad chruinniú míosúil eile ag teach le chéile idir 7:00pm agus 8:00pm i Súil Eile Space, Bearna Dé Luain, 9ú Meitheamh. Beidh muid ag bualadh le chéile do chupán tae agus chun beagán plé a dhéanamh faoin gcéad leabhar eile a bheas muid ag léamh i mbliana.

Tá an Club Leabhar seo dírithe ar dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge agus ar mhaith leo beagán léitheoireachta Gaeilge a dhéanamh chuile mhí.

Má tá spéis agat a bheith páirteach sa gclub déan teagmháil le Micheál ag 085 137 2447, nó ag optgaeilgeabc@gmail.com.
-
Our next monthly meeting will be held between 7:00pm and 8:00pm in Súil Eile Space, Bearna on Monday, June 9th. We will be meeting for a cup of tea and to have a little discussion about the next book we will be reading this year.

This Book Club is aimed at adults who are learning Irish and would like to do a little Irish reading each month.

If you are interested in joining the club please contact Micheál on 085 137 2447, or at optgaeilgeabc@gmail.com.

@bearnabeo @suileilespace @knocknacarradotie @coggoid @newislandbooks 

#gaeilge #bearna #cnocnacathrach #foghlaim #clubleabhar #bookclub #barna #knocknacarra
Bígí linn chun cruthaitheacht agus Gaeilge a cheiliúradh ag imeacht atá á n-óstáil ag Club Sacair Salthill Devon, in éineacht Gaeilge ABC, i bPáirc Sacair an Droma, Dé Sathairn, an 7 Meitheamh ó 11:00rn go 1:00in. Beidh an ócáid theaghlaigh seo trí mheán na Gaeilge agus tá fáilte roimh chuile chumas teanga chuig an ócáid atá geallta a bheith spraíúil agus taitneamhach. 

Bainfidh na gasúir taitneamh as ceardlanna ealaíon, ceardlann amhránáiochta, agus spórt spraíúil trí mheán na Gaeilge.

Is ócáid saor in aisce é seo atá mar chuid de Chruinniú na nÓg, tuilleadh eolais ar fáil tríd an nasc inár bhféinfaisnéis.
-
Join us to celebrate creativity and the Irish language at an event hosted by Salthill Devon Soccer Club, in association with Gaeilge ABC, at Drum Soccer Park, on Saturday, June 7th from 11:00am to 1:00pm. This family-friendly event will be through the medium of Irish and all language abilities are welcome to attend what promises to be a fun and enjoyable event.

The children will enjoy art workshops, singing workshops, and physical fun through the medium of Irish.

This is a free event which is part of Cruinniú na nÓg, more information is available via the link in our bio.

@salthilldevon_fc @bearnabeo @knocknacarradotie @fintan_galway @macdaramusic 

#gaeilge #agfoghlaimnagaeilge #salthilldevon #cruinniúnanóg #cruinniúnanóg2025 #gaeilge #gaeilgeabú #gaillimh #gaillimhnagaeilge #Bearna #Cnocnacathrach #Barna #Knocknacarra #bótharnatrá #salthill
Bhí maidin spórtúil agus spraíúil againn Dé Sathairn ag Club Leadóige Léana na Gaillimhe agus na gasúir ag imirt leadóige agus cluichí trí mheán na Gaeilge sa gcruinneachán. 

Tá muid ag súil go mór leis an gcéad maidin leadóige eile!
-
We had a fun and sporty morning on Saturday at the @galwaylawntennisclub as the kids played tennis and games through the medium of Irish in the dome. 

We are looking forward to the next tennis morning!

#gaeilge #agfoghlaim #leadóg #gaillimh #bearna #cnocnacathrach #bótharnatrá #molanóige
Ar mhaith leat tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim?

Tar chuig Comhrá Teaghlaigh a bheas á reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta Dé hAoine, 30ú Bealtaine ó 11:30 i Súil Eile Space.

Is imeacht é seo a chuireann cúnamh agus tacaíocht ar fáil do thuismitheoirí atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim, a fheabhsú agus a úsáid lena gcuid gasúr.

Is imeacht saor in aisce é seo agus tá fáilte roimh chuile dhuine chomh maith lena gcuid gasúr, ach caithfear clárú roimh ré trí rphost a sheoladh chuig: snicheide@tuismitheoiri.ie
-
Would you like to learn more Irish?

Come to a Comhrá Teaghlaigh hosted by Tuismitheoirí na Gaeltachta on Friday, 30th May from 11:30 in Súil Eile Space.

This is an event that provides help and support to parents who want to learn, improve and use Irish with their children.

This is a free event and everyone along with their children are welcome, but you must register in advance by sending an email to: snicheide@tuismitheoirí.ie

@bearnabeo @knocknacarradotie @suileilespace @tuismitheoirinagaeltachta @fintan_galway

#gaeilge #gaeilgeabú #gaillimh #gaillimhnagaeilge #Bearna #Cnocnacathrach #Barna #Knocknacarra
Tá 2 thicéad campála don deireadh seachtaine @feilenagealai le buachaint againn! ✨🎉

Chun iad a bhuachaint duit féin agus do chara leat i mí an Mheithimh, níl le déanamh ach:
1️ - An póstáil seo a roinnt.
2️ - Clib a chur ar an gcara a thabharfá leat agus an fáth gur mhaith leat dul ann a scríobh sna ‘comments’.
3️ - @gaeilgeabc a leanúint.

Is é 29 Bealtaine an spriocdháta agus fógrófar buaiteoir amháin an lá ina dhiaidh. Go n-éirí libh!

📌Buaíteoirí incháilithe an chomórtais: daoine os cionn 18 mbliana ó limistéir Bhearna - Chnoc na Cathrach amháin. 

@bearnabeo @knocknacarradotie

#seoíanghaeltacht #féilenagealaí #féilenagealaí2025 #gaeilge #comórtas #foghlaimgaeilge
Tá áthas ar Ghaeilge ABC a fhógairt go bhfuil deis ag déagóirí as Bearna agus Cnoc na Cathrach iarratais a chur isteach ar pháirtscoláireachta do champa seoltóireachta Gaeilge a bheas ar siúl an mhí seo chugainn in Órán Mór. 

Beidh an campa ‘Gaeilge Chois Trá’ ar siúl ó 9ú go 13ú Meitheamh, ina bheas deis ag déagóirí Gaeilge agus scileanna seoltóireachta a fhoghlaim ar bhealach spraíúil trí imeachtaí amuigh faoin aer.

I measc na ngníomhaíochtaí beidh ranganna seoltóireachta, cadhcáil, snámh, léim céibhe, céili agus tráth na gceist, chomh maith le na ranganna Gaeilge dhá uair a chloig ar maidin.

Tá tuilleadh eolais, chomh maith le foirm iarratais ar fáil ó Micheál Ó Mainín ag optgaeilgeabc@gmail.com nó ag 085 137 2447.
-
Gaeilge ABC is pleased to announce that teenagers from Bearna and Knocknacarra have the opportunity to apply for partial scholarships for an Irish language sailing camp to be held next month in Oranmore.

The ‘Gaeilge Chois Trá’ camp will be held from 9th to 13th June, where teenagers will have the opportunity to learn Irish and sailing skills in a fun way through outdoor activities.

Activities will include sailing classes, kayaking, swimming, pier jumping, céili and quizzes, as well as the two-hour Irish language classes in the morning.

Further information, as well as an application form, is available from Micheál Ó Mainín at optgaeilgeabc@gmail.com or at 085 137 2447.

@galwaybaysailingclub @bearnabeo @knocknacarradotie @galway.hooker.sailing.club @uniofgalwaysailingclub @galwaycitysailingclub @colaistenacoiribe 

#gaeilge #agfoghlaimlechéile #spraoi #uisce #bearna #cnocnacathrach #barna #knocknacarra
Ar mhaith leat tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim?

Tar chuig Comhrá Teaghlaigh a bheas á reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta Dé hAoine, 9ú Bealtaine ó 11:30 i Súil Eile Space. 

Is imeacht é seo a chuireann cúnamh agus tacaíocht ar fáil do thuismitheoirí atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim, a fheabhsú agus a úsáid lena gcuid gasúr. 

Is imeacht saor in aisce é seo agus tá fáilte roimh chuile dhuine chomh maith lena gcuid gasúr, ach caithfear clárú roimh ré trí rphost a sheoladh chuig: snicheide@tuismitheoiri.ie
-
Would you like to learn more Irish?

Come to a Comhrá Teaghlaigh hosted by Tuismitheoirí na Gaeltachta on Friday, 9th May from 11:30 in Súil Eile Space.

This is an event that provides help and support to parents who want to learn, improve and use Irish with their children.

This is a free event and everyone along with their children are welcome, but you must register in advance by sending an email to: snicheide@tuismitheoirí.ie

@bearnabeo @knocknacarradotie @suileilespace @tuismitheoirinagaeltachta @fintan_galway 

#gaeilge #gaeilgeabú #gaillimh #gaillimhnagaeilge #Bearna #Cnocnacathrach #Barna #Knocknacarra
Beidh an chéad taispeáint poiblí den ghearrscannán ‘Na Doirse’ ar siúl in Gaelscoil Mhic Amhlaigh(H91 FV4D), Cnoc na Cathrach ag 7:30pm, Dé Máirt, 13 Bealtaine. Is ficseanú é an gearrscannán seo faoi shaol mic léinn aibí le míchumas agus na streachailtí ina saol laethúil – na doirse. 

Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí tar éis na taispeána le stiúrthóir an scannáin Mary Tynan, agus leis an scannánóir rathúil Seán Breathnach. Críochnóidh muid an tráthnóna le sólaistí ina dhiaidh an tseisiúin.

Is imeacht saor in aisce é seo atá oscailte don phobail uilig agus tá muid ag tnúth go mór sibh ar fad a fheiceáil ann.
-
The first public screening of the short film ‘Na Doirse’ that will take place in Gaelscoil Mhic Amhlaigh (H91 FV4D), Knock na Cathrach at 7:30pm, Tuesday, May 13. This short film is a fictionalisation of the life of a mature student with a disability and the struggles in her daily life – the doors.

There will be a question and answer session after the screening with the director of the film Mary Tynan, and with the successful filmmaker Seán Breathnach. We will conclude the evening with refreshments after the session.

This is a free event open to the public and we look forward to seeing you all there.

@knocknacarradotie @galwayfilm @galwayfilmsoc @galwaycityfilm @clubscannansailearna @galway_cil @mary4disability @mttynan @seanbreathnachfilm @bnicd @fintan_galway @molsceal 

#gaeilge #foghlaimgaeilge #gaeilgelechéile #scannán #scannánaíocht #scannángaeilge #gaillimh #cnocnacathrach #bearna #knocknacarra
📣Scoláireachtaí Gaeltachta do Dhaoine Fásta📣

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil ocht bpáirtscoláireacht againn i mbliana le bronnadh ar ochtar daoine fásta do chúrsaí Gaeltachta a bheas ar siúl i 2025. Is é an spriocdháta d’iarratais Dé Céadaoin 30 Aibreán. Tá an t-eolas uilig faoi na páirtscoláireachtaí chomh maith leis an bhfoirm iarratais ar fáil tríd an nasc inár bhféinfaisnéis
-
We are pleased to announce that this year we have eight partial scholarships to be awarded to eight adults for Gaeltacht courses that will take place during 2025. The deadline for applications is Wednesday 30th April. All the information about the partial scholarships as well as the application form can be found in the link in our bio.

@knocknacarradotie @bearnabeo @salthilldevon_fc @fintan_galway @knocknacarraguide
Cuirfear tús le téarma nua ranganna Gaeilge Ardleibhéal i gCnoc na Cathrach ar an 24 Aibreán.

Tá na ranganna seo feiliúnach dóibh siúd atá in ann abairtí a chur le chéile go compordach agus comhrá a dhéanamh i nGaeilge, nó dóibh siúd a rinne cúpla téarma meánleibhéil, agus ar mhaith leo díriú isteach ar chúrsaí gramadaí agus cruinneas na Gaeilge anois.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil nó clárú do na ranganna trí rphost a sheoladh chuig Micheál ag optgaeilgeabc@gmail.com

#gaeilge #agfoghlaimgaeilge #agfoghlaimlechéile #Bearna #CnocnaCathrach #Gaillimh #rangannagaeilge #barna #knocknacarra

@fintan_galway @bearnabeo @knocknacarraguide @knocknacarradotie
Tá siúlóid á heagrú i gCathair na Gaillimhe aríst i mbliana i gcuimhne ar an úrscéal cáiliúil Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir.

I mbliana, is ar an Satharn, an 19 Aibreán, a bheas an tsiúlóid ar bun. Tosóidh sí i gCearnóg na hOllscoile ag meánlae.

Beidh cuimhní, scéalta, sleachta as an leabhar, éadaí na 1940idí, comhluadar agus comhrá i ndán dóibh siúd a bheas i láthair. Bígí linn!

@bruachthoir @aras_na_ngael @cloiarchonnacht @kennysbookshop @charliebyrnesbookshop @ansiopaleabhar @eason_ireland 

#gaillimhnagaeilge #gaeilge #gaillimh #gaeilgeoir #gaeilgeoirí #gaelgóireacht
Tá ár gClub Leabhar d'Fhoghlaimeoirí Fásta ag buaileadh le chéile aríst an mhí seo! Tá an Club Leabhar seo dírithe ar dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge agus ar mhaith leo beagán léitheoireachta Gaeilge a dhéanamh chuile mhí.

Beidh ár gcéad chruinniú míosúil eile idir 7:00pm agus 8:00pm i Súil Eile Space, Bearna ar an 7ú Aibreán. 

Fáilte riomh chách!

Má tá spéis agat a bheith páirteach sa gclub déan teagmháil le Micheál ag 085 137 2447, nó ag optgaeilgeabc@gmail.com.
-
Our Book Club for Irish Learners is meeting again this month! This Book Club is aimed at adults who are learning Irish and would like to do a little Irish reading every month.

Our next monthly meeting will be held between 7:00pm and 8:00pm in Súil Eile Space, Bearna on the 7th of April. 

Everyone is welcome!

If you are interested in joining the club please contact Micheál on 085 137 2447, or at optgaeilgeabc@gmail.com.

#gaeilge #gaeilgeoir #gaeilgeoirí #gaeilgeabú #leabhar #bearna #barna #cnocnacathrach #knocknacarra #gaillimh

@suileilespace @bearnabeo @knocknacarradotie @barbaranicd @fintan_galway