Fáilte go dtí Gaeilge ABC

Cé hiad Gaeilge ABC?

Is cuideachta muid atá i gceannas ar an bplean teanga a chur i bhfeidhm i Limistéar Pleanála Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach.

Tá muid ag obair le naíonraí agus le scoileanna, le gnólachtaí, agus le muintir na háite chun úsáid na Gaeilge a neartú i mBearna agus i gCnoc na Cathrach.

Bíonn muid ag eagrú ranganna agus imeachtaí Gaeilge do chuile leibhéal, agus ag cruthú deiseanna duitse do chuid Gaeilge a chleachtadh agus a úsáid.

Coinnigh súil ar ár suíomh agus ar ár meáin shóisialta chun a bheith ar an eolas faoi na ranganna agus na himeachtaí uile atá ar siúl againn!

volume_off

An Post Nua

Tá post buan mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Gaeilge ABC.

Léigh Tuilleadh

Féilire Imeachtaí

Eanáir, 2026

Liostáil lenár nuachtlitir mhíosúil...

Seolann muid an t-eolas is deireanaí chugat chuile mhí ar a bhfuil ag tarlú i mBearna - Cnoc na Cathrach. Is féidir leat díliostáil am ar bith, agus ní roinntear d’fhaisnéis le tríú páirtí ar bith.