Ranganna Gaeilge ABC

Image

Reáchtálann Gaeilge ABC dhá théarma de ranganna Gaeilge do dhaoine fásta i mBearna agus Cnoc na Cathrach san earrach agus sa bhfómhar, ina gcuireann muid ranganna spreagúla, idirghníomhacha agus torthúla ar fáil dár bhfoghlaimeoirí ag baint úsáide as an gCur Chuige Cumarsáideach. Má chláraíonn tú linn, bainfidh tú tairbhe as rang beag ar an láthair le teagascóirí saineolacha agus áiseanna foghlama den scoth.

Soláthraíonn muid cúrsaí 8 agus 10 seachtaine ag cúpla leibhéal difriúil:

  • Bunleibhéal 1 (A1): Tá an rang seo, Bunleibhéal A1 dírithe ar ghlantosaitheoirí, is é sin daoine nach bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge. Bheadh an rang seo oiriúnach d'aon duine nár fhreastal ar aon rang Ghaeilge riamh (Teastas Sóisearach agus Ardteist san áireamh). Is i gcomhair daoine a bhfuil ag faoghlaim na teanga don gcéad uair riamh.
  • Bunleibhéal 2 (A2): Tá Bunleibhéal 2 feiliúnach do dhaoine a bhfuil Bunleibhéal 1 críochnaithe acu go sásúil, nó atá in ann cumarsáid bhunúsach a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus atá in ann beannú do dhaoine, iad féin a chur in aithne, labhairt ar chúrsaí oibre mar shampla.
  • Meánleibhéal 1 (B1): Tá Meánleibhéal 1 dírithe ar dhaoine a bhfuil eolas áirithe ar an nGaeilge acu agus tá sé feiliúnach dóibh siúd a bhfuil cúrsa Bunleibhéal 2 críochnaithe acu go sásúil cheana féin, nó dóibh siúd a bhfuil cumas áirithe acu ar an teanga cheana féin de bharr a dtréimhse scolaíochta in Éirinn.
  • Meánleibhéal 2 (B2): Tá Meánleibhéal 2 feiliúnach dóibh siúd atá in ann comhrá a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, a úsáideann í ó am go chéile – go sóisialta, mar shampla, nó a bhfuil cúrsa B1 críochnaithe acu go sásúil cheana.
  • Ardleibhéal 1 (C1): Tá cúrsa Ardleibhéal 1 dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu, atá in ann iad féin a chur in iúl go líofa spontáineach, agus a bhfuil stór focal leathan fairsing acu, ach nach bhfuil an oiread sin taithí acu ar a bheith ag labhairt faoi thopaicí dúshlánacha (cúrsaí dlí agus cúrsaí teicneolaíochta, cuir i gcás).

Moltar go láidir tuairim a fháil faoin leibhéal Gaeilge atá agatsa tríd an triail seo a dhéanamh sula gcuireann tú rang in áirithe le bheith cinnte go bhfuil tú ag roghnú an rang is feiliúnaí duitse. Moltar freisin, an cur síos beacht ar an rang a léamh ina iomlán is tú ag clárú dó.

Tá lascainí ar fáil dóibh siúd atá ag fáil íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh. Níl le déanamh ach ríomhphost a chur chuige Tadhg ag optgaeilgeabc@gmail.com, agus é seo a luadh.

Is féidir clárú do na ranganna anois. Déan cinnte go dtógtar an suíomh agus an t-am san áireamh nuair atáthar ag roghnú ranga.

Image
Image

Image

Téarmaí agus Coinníollacha

Clárúchán Ranganna Gaeilge ABC

Rang Ghlantosaitheoirí/Bunleibhéal 1 (A1)


Sonraí: Tá an rang seo, Bunleibhéal A1 dírithe ar ghlantosaitheoirí, is é sin daoine nach bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge. Bheadh an rang seo oiriúnach d'aon duine nár fhreastal ar aon rang Ghaeilge riamh (Teastas Sóisearach agus Ardteist san áireamh). Is i gcomhair daoine a bhfuil ag faoghlaim na teanga don gcéad uair riamh.
Múinteoir: Fíona Ní Chonghaile
Suíomh: Scoil Shéamais Naofa, Bearna
€90.00
Téarma 8 Seachtaine
9 Áit fágtha

Rang Meánleibhéal 1 (B1)


Sonraí: Tá an rang seo, meánleibhéal B1 dírithe ar dhaoine a bhfuil eolas áirithe ar an nGaeilge acu agus tá sé feiliúnach dóibh siúd a bhfuil cúrsa bunleibhéal críochnaithe acu go sásúil cheana féin, nó dóibh siúd a bhfuil cumas áirithe acu ar an teanga cheana féin de bharr a dtréimhse scolaíochta in Éirinn.
Múinteoir: Fíona Ní Chonghaile
Suíomh: Scoil Shéamais Naofa, Bearna
€80.00
Téarma 8 Seachtaine
9 Áit fágtha

Rang Ghlantosaitheoirí/Bunleibhéal 1 (A1)


Sonraí: Tá an rang seo, Bunleibhéal A1 dírithe ar ghlantosaitheoirí, is é sin daoine nach bhfuil eolas ar bith acu ar an nGaeilge. Bheadh an rang seo oiriúnach d'aon duine nár fhreastal ar aon rang Ghaeilge riamh (Teastas Sóisearach agus Ardteist san áireamh). Is i gcomhair daoine a bhfuil ag faoghlaim na teanga don gcéad uair riamh.
Múinteoir: Máire Ní Chatháin
Suíomh: Áras Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach
€90.00
Téarma 8 Seachtaine
13 Áit fágtha

Rang Meánleibhéal 2 (B2)


Sonraí: Tá an rang seo, meánleibhéal B2, feiliúnach dóibh siúd atá in ann comhrá a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, a úsáideann í ó am go cheile - go sóisialta, mar shampla, nó a bhfuil cúrsa bunleibhéal/meánleibhéal críochnaithe acu go sásúil cheana.
Múinteoir: Máire Ní Chatháin
Suíomh: Áras Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach
€80.00
Téarma 8 Seachtaine
9 Áit fágtha

Rang Meánleibhéal 1 (B2)


Sonraí: Tá an rang seo, meánleibhéal B2, feiliúnach dóibh siúd atá in ann comhrá a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, a úsáideann í ó am go cheile - go sóisialta, mar shampla, nó a bhfuil cúrsa bunleibhéal/meánleibhéal críochnaithe acu go sásúil cheana.
Múinteoir: Eimear Murphy
Suíomh: Scoil Shéamais Naofa, Bearna
€80.00
Téarma 8 Seachtaine
12 Áit fágtha

Rang Meánleibhéal 1 (B1)


Sonraí: Tá an rang seo, meánleibhéal B1 dírithe ar dhaoine a bhfuil eolas áirithe ar an nGaeilge acu agus tá sé feiliúnach dóibh siúd a bhfuil cúrsa bunleibhéal críochnaithe acu go sásúil cheana féin, nó dóibh siúd a bhfuil cumas áirithe acu ar an teanga cheana féin de bharr a dtréimhse scolaíochta in Éirinn.
Múinteoir: Seán Ó Drisceoil
Suíomh: Áras Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach
€80.00
Téarma 8 Seachtaine
11 Áit fágtha