Urraíocht Áitiúil
Is cuideachta í Gaeilge ABC a oibríonn chun an Ghaeilge a chur chun cinn i chuile réimse den saol i limistéar Bhearna - Chnoc na Cathrach. Oibríonn muid le muintir na háite, le naíonraí, scoileanna, gnólachtaí, clubanna spóirt agus le heagraíochtaí eile chun úsáid na Gaeilge a neartú, a chothú, a fhás agus a fhorbairt i saol sóisialta agus cultúrtha ár bpobal Gaeltachta.
Mar chuid den fhás agus den fhorbairt sin, gealltar i bPlean Teanga Bhearna – Chnoc na Cathrach go gcuirfear tacaíocht ar fáil do réimse leathan tograí sóisialta chomh maith le tograí forbartha pobail agus mar sin is féidir le Gaeilge ABC tacaíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí pobal difriúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Tá an fhoirm iarratais, chomh maith leis na treoirlínte chun iarratais a chur isteach ar urraíocht ó eagraíochtaí incháilithe, chomh maith le daoine aonair, leagtha amach sna cáipéisí thíos.

