Imeachtaí Rialta
Ciorcal Comhrá Bhearna

Ní gá clárú don imeacht seo
Dé Céadaoin ag 18:30 i Súil Eile Space, Bearna (H91 AXH1)
Is grúpa cairdiúil agus fáilteach é an ciorcal comhrá a bhuaileann le chéile go seachtainiúil sa gcaifé Súil Eile Space i mBearna chun a gcuid Gaeilge a cleachtadh le chéile. Tá sé oscailte do gach duine - is cuma más foghlaimeoir nó cainteoir líofa tú. Cuirtear béim ar Ghaeilge labhartha sa ngrúpa seo agus ní rang é (níl múinteoir ann!), ach spás chun comhrá a dhéanamh as Gaeilge.
Ciorcal Comhrá Chnoc na Cathrach

Ní gá clárú don imeacht seo
Dé hAoine ag a 11.00 in Óstán an Chlaí Bháin (H91 F62V)
Buaileann ciorcal comhrá le chéile chuile Aoine in Óstán an Chlaí Bháin i gCnoc na Cathrach. Tá an ciorcal comhrá seo oscailte do gach duine - is cuma más foghlaimeoir nó cainteoir líofa tú.
Club Leabhar d'Fhoghlaimeoirí Fásta

Ní gá clárú don imeacht seo
An chéad Luan de chuile mhí ag a 19.00 i Súil Eile Space (H91 F62V)
Bionn ár gClub Leabhar d'Fhoghlaimeoirí Gaeilge ag teacht le chéile go míosúil ar an gcéad Luan den mhí idir 7:00i.n. agus 8:00i.n. i Súil Eile Space, Bearna (H91 F62V). Tagann na baill club le chéile do chupán tae agus chun plé a dhéanamh ar an leabhar a bhíonn léite acu i rith na míonsa.
Tá an Club Leabhar seo dírithe ar dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge agus ar mhaith leo beagán léitheoireachta Gaeilge a dhéanamh chuile mhí.
Má tá spéis agat a bheith páirteach sa gclub déan teagmháil le Micheál ag 085 137 2447, nó ag optgaeilgeabc@gmail.com
Cumann Drámaíochta

Ní gá clárú don imeacht seo
Dé Máirt ag 19:00 in Áras na nGael (H91 E1NY)
Tá iarracht ar siúl faoi láthair cumann drámaíochta amaitéaraigh a bhunú do dhaoine fásta i gCathair na Gaillimhe. Chuige sin, tá sraith cruinnithe poiblí seachtainiúla ar siúl chun tús a chur leis an gcumann chuile Mháirt ag 19:00 in Áras na nGael (H91E1NY).
Ní gá taithí amharclannaíochta a bheith agat nó Gaeilge líofa, cuirtear fáilte roimh chuile dhuine. Tá ról ann do chuile dhuine, ar stáitse nó ar chúl stáitse.
Má tá spéis agat a bheith páirteach, nó le haghaidh tuilleadh eolais a fháil, teigh i dteagmháil Micheál Mac Aoidh, Oifigeach Forbatha Áras na nGael ag 087 7124548, nó le Micheál Ó Mainín, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaeilge ABC ag 085 137 2447
