Comhrá Teaghlaigh
Ar mhaith leat tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim?
Tar chuig Comhrá Teaghlaigh a bheas á reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le tacaíochta ó Ghaeilge ABC ar feadh trí seachtaine ag tosnú ar Céadaoin, 26ú Samhain ó 10:30 – 11:30 in Áras Mhic Amhlaigh [H91 A9PX], agus a bheas ag teacht le chéile aríst ar an 3ú agus 10ú Nollaig ag an am céanna.
Is imeacht é seo a chuireann cúnamh agus tacaíocht ar fáil do thuismitheoirí atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim, a fheabhsú agus a úsáid lena gcuid gasúr.
Is imeacht saor in aisce é seo agus tá fáilte roimh chuile dhuine chomh maith lena gcuid gasúr, ach caithfear clárú roimh ré trí rphost a sheoladh chuig: snicheide@tuismitheoiri.ie

