An Plean Teanga

Tá Limistéar Pleanála Teanga Bhearna - Chnoc na Cathrach lonnaithe ar an taobh thiar de chathair na Gaillimhe agus is é ceann de na 26 Limistéar Pleanála Teanga ar fud na hÉireann agus an ceann is mó sa tír ó thaobh daonra de. Léiríodh i nDaonáireamh 2022 go raibh 13,043 duine ina gcónaí sa LPT, ba chainteoirí laethúla Gaeilge 5.3% den daonra os cionn 3 bliana d’aois agus ba chainteoirí seachtainiúil Gaeilge 5.3% den daonra os cionn 3 bliana d’aois.

De réir Acht na Gaeltachta 2012, bhí plean teanga le n-ullmhú ag chuile Limistéar Pleanála Teanga, ina leagfaí amach plean chun an Ghaeilge a neartú sa limistéar sin. Is féidir plean teanga Bhearna agus Cnoc na Cathrach a fheiceáil anseo thíos.

Íoslódáil an Plean Teanga
Image
 Limistéar Pleanála Teanga Bhearna - Chnoc na Cathrach