Tionscadal Logainmneacha
Tá fóghrúpa beag bunaithe faoi phleanáil teanga Gaeilge ABC chun féachaint ar an mbunús agus an míniú a bhaineann leis an 43 baile fearainn a chlúdaíonn an limistéar pleanála teanga idir phobail Chnoc na Cathrach agus Bearna. Bheadh an-suim againn cloisteáil ó dhaoine le spéis i stair áitiúil, dinnseanchas, agus cúrsaí sóisialaithe pobail.
Sna míonna atá romhainn, ag braith ar maoin a bheith ar fáil, tá súil againn léachtanna agus ceardlanna a rith ar an ábhar, ag áireamh mapáil dhigiteach a thaispeánfadh i measc nithe eile, na heastáit tithíochta atá faoi láthair taobh istigh den Ghaeltacht oifigiúil. Dhéanfadh sé iarracht freisin, cainteoirí dúchasacha Gaeilge a aimsiú sna bailte fearainn liostáilte. Amach anseo, tá súil againn comharthaíocht tarraingteach a chrochadh le cinntiú go bhfuil féiniúlacht na mbailte fearann buanaithe.
Is é Uinseann Mac Thómais atá ag comhordú iarrachtaí an fhóghrúpa agus más mian leat tuilleadh faisnéise a fháil déan teagmháil leis trí glaoch, Whatsapp, nó téacs ag 087 279 7355, nó más mian leat a bheith rannpháirteach sa taighde seol léiriú spéise chuig Micheál ag optgaeilgeabc@gmail.com

