Cúrsaí Gaeilge Eile

Ní raibh sé riamh chomh éasca Gaeilge a fhoghlaim! Mura bhfeileann na ranganna Ghaeilge ABC duit tá ranganna eile ar fáil i láthair go pearsanta nó ar líne. Breathnaigh ar na suíomhanna thíos chun an rang  is feiliúnaí duit a roghnú.

All About Irish

Freastalaíonn All About Irish ar chuile leibhéal den fhoghlaimeoirí Gaeilge le réimse leathan cúrsaí Gaeilge ag bonnleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal. Ní hamháin é sin ach cuireann siad cúrsaí féinstaidéir, cúrsaí ar litríocht Éireannach, agus cúrsaí ar Teastas Eorpach na Gaeilge ar fáil.

Lascaine ar fáil do chúrsaí All About Irish dóibh siúd atá ina gcónaí taobh istigh do Limistéar Pleanála Teanga Bhearna - Chnoc na Cathrach. Seol rphost chuig Micheál chun tuilleadh eolais agus cód lascaine a fháil.

Cliceáil ar a lógó chun tuilleadh eolais faoi na cúrsaí a sholáthraíonn All About Irish.

Image

Gaelchultúr

Image

Is é Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, a bunaíodh in 2004 agus ata lonnaithe i mBaile Átha Cliath, an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge. Freastalaíonn sé ar lucht foghlama na teanga i ngach cearn den domhan. Cuireann Gaelchultúr cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge ar an gcaighdeán is airde ar fáil, atá dírithe ar dhaoine fásta ar fud na cruinne a bhfuil spéis acu sa teanga.

Lascaine ar fáil do chúrsaí Gaelchultúr dóibh siúd atá ina gcónaí taobh istigh do Limistéar Pleanála Teanga Bhearna - Chnoc na Cathrach. Seol rphost chuig Micheál chun tuilleadh eolais agus cód lascaine a fháil.

Cliceáil ar a lógó chun tuilleadh eolais a fháil faoi na ranganna a sholáthraíonn Gaelchultúr.


Áras na nGael

Tá ranganna Gaeilge Áras na nGael curtha in oiriúint do shiollabas Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Bíonn na ranganna múinte ag múinteoirí cáilithe, atá díograiseach i leith na teanga, agus a bhfuil paisean acu ní hamháin don teanga ach don chultúr chomh maith.

Cúnaíonn an timpeallacht foghlama san Áras duit chun dul i ngleic le léamh, scríobh, tuiscint agus thar aon rud eile, labhairt ár dteanga álainn. Bíonn dian-ranganna Gaeilge ar siúl chuile sheachtain in Áras na nGael nó ar líne. Cliceáil ar a lógó chun tuilleadh eolais a fháil faoi na ranganna in Áras na nGael.

Image