Snámh sa bhFarraige

Tá grúpa WhatsApp nua againn do dhaoine ar mhaith leo bualadh le chéile chun dul ag snámh sa bhfarraige agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh ag an am céanna! Seol teachtaireacht chuig Aoife ag 0851372447 agus cuirfidh sí leis an ngrúpa WhatsApp thú!

Suí’s Spraoi

Seo grúpa de thuismitheoirí agus páistí a bhuaileann lena chéile chuile Chéadaoin le bheith ag caint, ag comhrá agus ag spraoi. Tá fáilte roimh bhaill nua sa ngrúpa seo i gcónaí.

TABHAIR FAOI DEARA: Tá sos á thógáil ag an ngrúpa seo don samhraidh ach beidh siad ag dul ar siúlóidí le chéile anois agus arís. Coinnigh súil ar ár gcuid meáin shóisialta chun tuilleadh eolais a fháil faoi seo. Beidh an grúpa ag bualadh lena chéile i Súil Eile Space arís ó mhí Mheán Fómhair 2024 ar aghaidh.

Ciorcal Comhrá Seachtainiúil

Buaileann ciorcal comhrá eile le chéile chuile Aoine in Óstán an Chlaí Bháin i gCnoc na Cathrach. Tá an ciorcal comhrá seo oscailte do gach duine – is cuma más foghlaimeoir nó cainteoir líofa tú.

Caife agus Comhrá

Is grúpa cairdiúil agus fáilteach é an ciorcal comhrá a bhuaileann le chéile go míosúil sa gcaifé Súil Eile Space i mBearna chun a gcuid Gaeilge a cleachtadh le chéile. Tá sé oscailte do gach duine – is cuma más foghlaimeoir nó cainteoir líofa tú. Cuirtear béim ar Ghaeilge labhartha sa ngrúpa seo agus ní rang é (níl múinteoir ann!), ach spás chun comhrá a dhéanamh as Gaeilge