Draíocht sa Spidéal
Do thuistmitheoirí i mBearna agus Cnoc na Cathrach atá tógáil a bpáistí le Gaeilge. Tá ócáid an-speisialta eagraithe ag Gaeilge ABC i gcomhpháirtíocht le Comhlacht Forbartha an Spidéil do bhur ngasúir.
Tá 30 ticéad saor in aisce againn do chuairt ar Daidí na Nollag ar an Spidéal trathnóna Dé Sathairn 13ú Nollaig.
Is féidir clárú anseo.
Is ócáid ar leith é seo do ghasúir a labhraíonn Gaeilge mar phríomhtheanga nó sa mbaile go laethúil.

