Tá post buan mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Gaeilge ABC

Is é Gaeilge ABC i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta atá freagrach as plean teanga LPT Bhearna agus Chnoc na Cathrach a chur i bhfeidhm. Ullmhaíodh an plean mar chuid den phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus i gcomhréir le forálacha Acht na Gaeltachta, 2012. Tá an plean i bhfeidhm anois le trí blilana, agus é mar aidhm aige cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge sa LPT. Is ar an Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh an phríomhfhreagracht an plean a chur i bhfeidhm.

Is post buan atá á thairiscint. Beidh an té a cheapfar freagrach as cur i bhfeidhm bhearta an phlean teanga. Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Gaeilge ABC cftr agus freagrach don Cheanneagraíocht maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú.

Duine cumasach a bhfuil taithí aige/aici i réimse oibre na pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar atá á lorg.

Fáilteofar roimh iarratas ó dhaoine leis an taithí seo a leanas:

  • Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa.

  • Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal agus / nó taithí sa réimse pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar.

  • Tuiscint agus taithí mhaith ar chúrsaí pleanála teanga, ar fhorbairt pobail agus i bplé le coistí/struchtúir phobail.

  • Taithí i mbainistiú agus i gcur i gcrích tionscadal.

  • Scileanna maithe cumarsáide, áisitheoireachta, comhordaithe agus idirphearsanta agus eagrúcháin.

  • Taithí i mbainistiú foireann oibre

  • Taithí leis na meáin shóisialta

  • Eolas agus taithí ar bhainistiú airgeadais


An Post

Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in oifigí Gaeilge ABC
in Áras Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach.

Beidh 37 uair oibre sa tseachtain i gceist le cúraimí an phoist seo agus beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth- uaireanta oibre mar chuid de na cúraimí sin. Beidh taisteal i gceist leis an bpost, mar sin ní mór d’iarratasóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu.

Tá scála tuarastail ó €36,450 go €51,750 ag gabháil leis an bpost chomh maith le scéim phinsin.

Sonraí

Tá an plean teanga don LPT agus na sonraí poist a théann leis an bpost le fáil ach teagmháil a dhéanamh le Stiúrthóir Gaeilge ABC, Sinéad Ní Ghuidhir

Iarratas

Seoltar iarratas mar aon le Curriculum Vitae, roimh 16/02/26 chuig:

An Stiúrthóir, Gaeilge ABC
Áras Mhic Amhlaigh,
Cnoc na Cathrach,
Gaillimh

087-6799346
snighuidhir@gmail.com