Scannán na Nollag - POLAR EXPRESS as Gaeilge
Cuir do chroi sa Nollaig agus bí linn le haghaidh taispeáint don Polar Express as Gaeilge mar Scannán na Nollag i gColáiste na Coiribe [H91 RC97] ag 17:00, Dé Sathairn, 6 Nollaig.
Is scannán eachtraíochta beoite Nollag é Traein na Nollag (The Polar Express) (2004) atá bunaithe ar an leabhar do pháistí le Chris Van Allsburg. Leanann an scéal buachaill óg ar Oíche Nollag nuair a théann ar bord traenach draíochta atá ag dul go dtí an Pol Thuaidh ar a dtugtar an Polar Express. Ar an turas, buaileann an buachaill le gasúir eile, bíonn eachtraí spleodrach aige, agus foghlaimíonn sé faoi chairdeas, misneach, agus fíor-spiorad na Nollag.
Is scannán Nollag iontach é seo don theaghlach uilig!
Fad reatha : 99 nóiméad
Seánra: Nollaig
Teanga: Gaeilge
Deimhniú: G
Cead isteach: Saor in Aisce ach ní mór duit do spás a chur in áirithe tríd an bhfoirm ar an leathanach seo a líonadh.





