An Cur Chuige Cumarsáideach
Tugann an cur chuige cumarsáideach deis d’fhoghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i chuile rang agus úsáid a bhaint as an nGaeilge atá foghlamtha acu chun cuspóir cumarsáide a bhaint amach ar bhealach nadúrtha.
Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach i ranganna Gaeilge ABC sa gcaoi go mbeidh seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Cuirtear béim sna ranganna ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó sna ranganna (seachas i rang Ardleibhéal 1), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh anois ‘s aríst chomh maith.

