Fógrúpa Logainmneacha

Image

An bhfuil suim agat foghlaim faoin áit ina bhfuil cónaí ort?

Tá fóghrúpa beag bunaithe ag Gaeilge ABC chun féachaint ar an mbunús agus an míniú a bhaineann leis an 43 baile fearainn a chlúdaíonn an limistéar pleanála teanga idir phobail Chnoc na Cathrach agus Bearna. Bheadh an-shuim againn cloisteáil ó dhaoine le spéis i stair áitiúil, dinnseanchas, agus cúrsaí sóisialaithe pobail.

Sna míonna atá romhainn, ag braith ar maoin a bheith ar fáil, tá súil againn léachtanna agus ceardlanna a rith ar an ábhar, ag áireamh mapáil dhigiteach a thaispeánfadh i measc nithe eile, na heastáit tithíochta atá faoi láthair taobh istigh den Ghaeltacht oifigiúil. Dhéanfadh sé iarracht freisin, cainteoirí dúchasacha Gaeilge a aimsiú sna bailte fearainn liostáilte.

Más mian leat a bheith rannpháirteach sa taighde seol léiriú spéise chuig Micheál ag optgaeilgeabc@gmail.com, nó déan teagmháil le hUinseann trí glaoch, Whatsapp, nó téacs ag 0872797355.